Skip Navigation

Cén fáth a mbíonn daoine ag úsáid drugaí?

Cén fáth a mbíonn daoine ag úsáid drugaí?Úsáideann daoine éagsúla drugaí difriúla ar chúiseanna éagsúla.

B’fhéidir go leanfá ar aghaidh le húsáid druga toisc go mbaineann tú sult as, nó as siocair gur cuid den saol sóisialta nó den chultúr é. Tugtar úsáid drugaí ‘ar bhonn caithimh aimsire’ air seo go minic.

In amanna, d’fhéadfadh úsáid drugaí bheith ina cuid thábhachtach de do shaol. D’fhéadfadh sé sin bheith amhlaidh mar gheall ar fhadhbanna mothúchánacha, síceolaíocha nó sóisialta atá agat. D’fhéadfaí go mbeadh andúil nó spleáchas agat mar thoradh ar dhrugaí áirithe, i gcás go gcailleann tú smacht ar úsáid an druga agus go mbraitheann tú nach féidir leat feidhmiú gan é.

Úsáideann daoine áirithe níos mó ná cineál amháin druga ag an aon am – tugtar ‘úsáid poladruga’ air seo. D’fhéadfaí go mbeadh meascadh drugaí contúirteach toisc go mbíonn na hiarmhairtí agus na fo-iarmhairtí curtha le chéile. Cuimsítear air seo meascadh drugaí mídhleathacha le drugaí dleathacha dála alcól nó cógais. Mar shampla, má ólann tú alcól le cóicín bíonn níos mó riosca ann go mbeidh rithimí neamhrialta croí, taomanna croí agus an bás féin i ndán duit.

Níl aon fhreagra simplí ar na fadhbanna a bhfuil úsáid drugaí ina n-údar orthu, ach nuair atá na fíricí agat beidh sé níos éasca déileáil le saincheisteanna a bhaineann le drugaí.

Share this:
  • Facebook
  • Twitter
  • Digg
  • Del.icio.us
  • LinkedIn
  • E-mail
Live HelperCabhróir Beo
Is é an ról atá againn cúnamh a thabhairt.
Cuireann an tseirbhís Cabhróir Beo duine ar fáil duit chun labhairt leo.
Seirbhís shlán agus faoi rún é seo – ní bheidh fhios ag an mball foirne cé tú féin – agus níl aon chostas ann duitse, úsáideoir na seirbhíse. Níl an tseirbhís seo ar fáil ach i mBéarla amháin.

Seol Cabhróir Beo »
Services Seirbhísí
Déan cuardach do sheirbhísí a bhaineann le drugaí agus alcól
Tá réimse leathan seirbhísí ar fáil ar fud na tíre a bhaineann le drugaí agus alcól.
Déan cuardach anois do sheirbhísí Comhairleoireachta, Oideachais & Oiliúna, Eolais agus Tacaíochta agus Cóireála agus Athshlánúcháin.

Cuardaigh Seirbhísí