Skip Navigation

Alcól agus toircheas

Alcól agus toircheasNíl aon leibhéal sábháilte aitheanta d’úsáid alcóil le linn toirchis – mar sin, is é an cur chuige is fearr ná éirí as ar fad.

Má tá sé ar intinn agat éirí torrach, ní mór duit na rudaí seo a leanas a bheith ar eolas agat:

Cosnóidh tú do naíonán má laghdaíonn tú an méid alcóil a ólánn tú nuair atá tú ag iarraidh éirí torrach, nó má éiríonn tú as ar fad. Cuirfidh tú do naíonán i bpriacal má leanann tú ag ól nuair atá tú torrach, fiú nuair nach bhfuil i gceist ach méideanna beaga. A mhéid a ólann tú is ea is mó a chuirtear ar aghaidh ag do naíonán.

Tá ólachán sa chéad trí mhí den toircheas in ann a bheith ina údar do shiondróm alcóil féatais. Is é an toradh a bheidh air seo go mbeidh fadhbanna tromchúiseacha ann d'fhorbairt do naíonáin agus dá bhaill uile. Bíonn inchinn do naíonáin i mbun forbartha i rith an toirchis ar fad. Má ólann tú i rith an dara agus an tríú trí mhí, d'fhéadfadh sé a bheith ina údar do Neamhord Néar-Fhorbartha atá bainteach le hAlcól, go mórmhór mar go dtarlaíonn an méid is mó d’fhás na hinchinne sa trí mhí deireanach, agus leanann sé ar aghaidh ansin go dtí go mbeidh an naíonán dhá bhliain d’aois.

Tá an seans ann nach dtabharfar faoi deara na héifeachtaí atá ag ólachán le linn toirchis go dtí go mbeidh do naíonán cúpla bliain d’aois. Is minic go mbíonn easnamh airde agus hipirghníomhaíocht ag leanaí a raibh a máithreacha ag ól nuair a bhí siad ag súil leo.

Share this:
  • Facebook
  • Twitter
  • Digg
  • Del.icio.us
  • LinkedIn
  • E-mail
Live HelperCabhróir Beo
Is é an ról atá againn cúnamh a thabhairt.
Cuireann an tseirbhís Cabhróir Beo duine ar fáil duit chun labhairt leo.
Seirbhís shlán agus faoi rún é seo – ní bheidh fhios ag an mball foirne cé tú féin – agus níl aon chostas ann duitse, úsáideoir na seirbhíse. Níl an tseirbhís seo ar fáil ach i mBéarla amháin.

Seol Cabhróir Beo »
Services Seirbhísí
Déan cuardach do sheirbhísí a bhaineann le drugaí agus alcól
Tá réimse leathan seirbhísí ar fáil ar fud na tíre a bhaineann le drugaí agus alcól.
Déan cuardach anois do sheirbhísí Comhairleoireachta, Oideachais & Oiliúna, Eolais agus Tacaíochta agus Cóireála agus Athshlánúcháin.

Cuardaigh Seirbhísí