Skip Navigation

Bíodh na fíricí ar dhrugaí ar eolas agat

Bíodh na fíricí ar dhrugaí ar eolas agatMiotas: "Is druga andúile é gach druga"
Fíric: Is féidir le roinnt drugaí andúil nó spleáchas a chothú níos gasta ná mar a chothaíonn drugaí eile. Níl aon fhianaise ann go mbíonn daoine ‘gafa’ le druga i ndiaidh dóibh é a úsáid uair nó dhó, nó go mbeidh andúil sa druga sin ag gach duine a bhaineann triail as. D’fhéadfaí go mbeadh fadhbanna tromchúiseacha ag duine fiú mura n-úsáidtear an druga ach uair amháin féin. Bíonn andúil ag brath ar cad é an druga, cé atá i gceist, cad chuige, cá háit agus cén dóigh a n-úsáidtear drugaí.

Miotas: "Ní bhíonn fadhb ach ag andúiligh drugaí"
Fíric: Ní hé andúil nó spleáchas an t-aon fhadhb arb iad na drugaí is cúis léi. Bíonn fadhbanna ag roinnt daoine ar chéad úsáid an druga, nó d’fhéadfaí fadhbanna a eascairt de réir mar a mhéadaíonn minicíocht úsáid an druga. Is féidir go mbeidh iarmhairt ag na drugaí ar fholláine an choirp agus ar shláinte mheabhrach, ar shaol teaghlaigh, ar chaidrimh agus ar obair nó staidéar. D’fhéadfaí go mbeadh daoine i dtrioblóid le húdaráis an dlí nó go mbeadh deacrachtaí airgid mar gheall ar úsáid drugaí mídhleathacha.

Miotas: "Bíonn an dochar céanna ag baint le gach druga mídhleathach"
Fíric: Déanann drugaí éagsúla dochar duit ar bhealaí éagsúla. Maidir le drugaí áirithe, amhail hearóin, meastar iad a bheith níos contúirtí de thairbhe go bhfuil níos mó riosca d’andúil agus de ródháileog ag baint leo, nó de thairbhe go n-instealltar iad. Bíonn a riosca féin ag gach cineál druga áfach.
Déantar cur síos ar dhrugaí go minic mar dhrugaí ‘crua’ nó ‘boga’ ach níl sé chomh simplí sin.

Miotas: "Is duine taghdach é mo dhéagóir agus tá sé ag cailleadh suime i gcúrsaí scoile – caithfidh go bhfuil sé/sí ag caitheamh drugaí"
Fíric: Is minic a bhíonn tuismitheoirí ag iarraidh fáil amach faoin dóigh ar féidir fios a bheith acu arb é a bhfuil a bpáiste ag úsáid drugaí. Is cóir a bheith cúramach faoi liostaí comharthaí agus airíonna. Maidir le cuid mhór de na comharthaí féideartha, amhail athruithe tobanna sa ghiúmar nó cailliúint suime i gcaithimh aimsire nó i staidéar, bíonn siad mar chuid de ghnáth-iompar déagóirí. Is fearr labhairt leo sula mbaineann tú barúil as. Má fhaigheann tú go bhfuil do pháiste ag caitheamh drugaí, ná bíodh scaoll ort. Iarr sonraí ar an úsáid a bhaineann siad as an druga – cad é an druga a chaith sé/sí, cá fhad atá an druga á chaitheamh acu agus cad chuige. Má labhraíonn tú le gairmí oilte is féidir go mbeidh sé ina chuidiú agat cinneadh ar an rud a dhéanfaidh tú. Is féidir leat cuidiú le do pháiste dearcadh ciallmhar a fhorbairt i leith drugaí, trí dhearcadh ciallmhar a léiriú i leith d’úsáid drugaí féin – go háirithe drugaí dleathacha amhail alcól agus cógais.

Miotas: "Cuireann mangairí drugaí cathú ar dhaoine óga triail a bhaint as drugaí"
Fíric: Cuireann cara nó duine aithnide drugaí mídhleathacha os comhair bhunús na ndaoine óga. In a lán cásanna déantar drugaí a ‘tharraingt’ seachas iad a ‘bhrú’ – iarrann an duine féin é, de bharr fiosrachta go minic.

Miotas: "Bíonn siabhráin dhleathacha agus neamhdhleathacha nó drúgaí a thagann as siopa siabhráin níos sábháilte ná drugaí neamhdhleathacha eile"
Fíric: Níor tástáladh na drugaí seo ar dhaoine, agus tá sé ráite ar an bpacáistíocht féin nach do thomhaltas an duine iad. Tá fíor-bheagán eolais faoi céard atá istigh iontu nó céard iad na héifeachtaí gearrthéarmacha nó fadtéarmacha atá acu. Tá fhios againn go bhfuil siad in ann a bheith ina n-údar do chliseadh duánach, fadhbanna leis an gcroí, paranóia agus taomanna.

Share this:
  • Facebook
  • Twitter
  • Digg
  • Del.icio.us
  • LinkedIn
  • E-mail
Live HelperCabhróir Beo
Is é an ról atá againn cúnamh a thabhairt.
Cuireann an tseirbhís Cabhróir Beo duine ar fáil duit chun labhairt leo.
Seirbhís shlán agus faoi rún é seo – ní bheidh fhios ag an mball foirne cé tú féin – agus níl aon chostas ann duitse, úsáideoir na seirbhíse. Níl an tseirbhís seo ar fáil ach i mBéarla amháin.

Seol Cabhróir Beo »
Services Seirbhísí
Déan cuardach do sheirbhísí a bhaineann le drugaí agus alcól
Tá réimse leathan seirbhísí ar fáil ar fud na tíre a bhaineann le drugaí agus alcól.
Déan cuardach anois do sheirbhísí Comhairleoireachta, Oideachais & Oiliúna, Eolais agus Tacaíochta agus Cóireála agus Athshlánúcháin.

Cuardaigh Seirbhísí