Skip Navigation

Céard é gnáthdheoch?

Tá thart ar 10 gram d’alcól íon i ngnáthdheoch in Éirinn. Tá thart ar 8 gram d’alcól íon i ngnáthdheoch sa Ríocht Aontaithe, a thugtar aonad alcóil air freisin.

Seo roinnt samplaí de ghnáthdheoch.

Tá tuairim is seacht ngnáthdheoch i mbuidéal fíona a bhfuil 12.5% alcóil ann.

Standard Drink

Céard iad na treoirlínte d’ólachán ar bheagán riosca?

Is iad seo a leanas na treoirlínte d'ólachán ar bheagán riosca do dhaoine fásta:

Ba cheart deochanna a ól i rith tréimhse na seachtaine, ní díreach ag aon uair amháin. D’fhéadfadh sé a bheith contúirteach níos mó a ól ná na leibhéil atá sábháilte.

Ná déan dearmad, ní bhíonn miosúir dí mar a chéile i gcónaí. Tá an miosúr a fhaigheann tú sa teach tábhairne agus an ceann a dhoirteann tú duit féin in ann a bheith an-eagsúil óna chéile.

Níl feidhm ag na teorainneacha seachtainiúla seo do dhéagóirí ná dóibh siúd atá ag súil, tinn, lag nó ag tógáil leighis. Is sláintiúla do dhéagóirí gan alcól a ól.

Céard é ragús óil?

Baintear úsáid as an téarma ragús óil chun cur síos a dhéanamh ar na hocáidí nuair a ólaimid an-iomarca. Tugtar ragús óil air nuair a ólaimid cúig ghnáthdheoch nó níos mó. Ólachán díobhálach é ragús óil agus méadaíonn sé an seans go mbeidh timpiste againn, go ngortófaí muid, go bhfualaingeoidh muid foréigean nó go nimheofaí muid.

Bíonn éifeachtaí dochracha ólacháin méadaithe go mór tar éis dúinn níos mó ná cúig ghnáthdheoch a bheith ólta againn.

Cén fhad a mhaireann éifeachtaí an ólacháin?

Go ginearálta, ní thógann sé ach idir cúig agus deich nóiméad go dtí go n-airíonn tú éifeachtaí an alcóil. Ina dhiaidh sin, tógann sé uair do do cholainn gach gnáthdheoch a phróiseáil.

Share this:
  • Facebook
  • Twitter
  • Digg
  • Del.icio.us
  • LinkedIn
  • E-mail
Live HelperCabhróir Beo
Is é an ról atá againn cúnamh a thabhairt.
Cuireann an tseirbhís Cabhróir Beo duine ar fáil duit chun labhairt leo.
Seirbhís shlán agus faoi rún é seo – ní bheidh fhios ag an mball foirne cé tú féin – agus níl aon chostas ann duitse, úsáideoir na seirbhíse. Níl an tseirbhís seo ar fáil ach i mBéarla amháin.

Seol Cabhróir Beo »
Services Seirbhísí
Déan cuardach do sheirbhísí a bhaineann le drugaí agus alcól
Tá réimse leathan seirbhísí ar fáil ar fud na tíre a bhaineann le drugaí agus alcól.
Déan cuardach anois do sheirbhísí Comhairleoireachta, Oideachais & Oiliúna, Eolais agus Tacaíochta agus Cóireála agus Athshlánúcháin.

Cuardaigh Seirbhísí