Skip Navigation

An t-aos óg agus alcól

An t-aos óg agus alcólTá rioscaí ag baint le bheith ag ól mar dhéagóir, agus tá sé in ann a bheith ina fhadhb fiú má ólann do dhéagóir aon uair amháin ar bhonn trialach. Tá sé seo amhlaidh mar go bhfuil do dhéagóir fós i mbun fáis agus forbartha. Tá colainneacha, intinní agus mothúcháin dhéagóirí ag aibiú i gcónaí, agus mar sin tá siad thar a bheith leochaileach d'éifeachtaí láithreacha alcóil.

Ní mór do thuismitheoirí teachtaireachtaí soiléire a thabhairt do dhéagóirí nach bhfuil ólachán faoi aois inghlactha. Laghdóidh sé seo an seans go mbeidh fadhb acu le hólachán agus iad ina ndaoine fásta. Sula mbeidh tú in ann dul i mbun cainte le do dhéagóir faoi ólachán, agus teorainneacha a leagan síos, ní mór duit a bheith ar an eolas faoin gcaoi a bhfuil alcól in ann tionchar a imirt orthu.

Is é an rud is tábhachtaí ar féidir leat a dhéanamh mar thuismitheoir ná tacaíocht a thabhairt do do dhéagóir chun moill a chur le hólachán. Má dhéanann tú é  seo, is lú ar fad an riosca go mbeidh fadhb ag do dhéagóir le hólachán nuair a bheidh siad níos sine.

Tá leabhrán Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte a dhéileálann le hólachán faoi aois ar fáil sna teangacha seo a leanas:

Sínis
Araibis
Fraincis
Liotuáinis
Laitvis
Portaingéilis
Polainnis
Rómáinis
Rúisis
Spáinnis

Share this:
  • Facebook
  • Twitter
  • Digg
  • Del.icio.us
  • LinkedIn
  • E-mail
Live HelperCabhróir Beo
Is é an ról atá againn cúnamh a thabhairt.
Cuireann an tseirbhís Cabhróir Beo duine ar fáil duit chun labhairt leo.
Seirbhís shlán agus faoi rún é seo – ní bheidh fhios ag an mball foirne cé tú féin – agus níl aon chostas ann duitse, úsáideoir na seirbhíse. Níl an tseirbhís seo ar fáil ach i mBéarla amháin.

Seol Cabhróir Beo »
Services Seirbhísí
Déan cuardach do sheirbhísí a bhaineann le drugaí agus alcól
Tá réimse leathan seirbhísí ar fáil ar fud na tíre a bhaineann le drugaí agus alcól.
Déan cuardach anois do sheirbhísí Comhairleoireachta, Oideachais & Oiliúna, Eolais agus Tacaíochta agus Cóireála agus Athshlánúcháin.

Cuardaigh Seirbhísí