Skip Navigation

Cén fáth go mbeifeá ag ól níos lú?

Cén fáth go mbeifeá ag ól níos lú?Is iad seo na torthaí a bheidh ann má ólann tú níos lú:

Druga é alcól a ionsúitear ón mbolg isteach go dtí an sruth fola. Athraíonn druga an chaoi a mbíonn an cholainn ag feidhmiú; imríonn sé tionchar ar an intinn, an cholainn agus ar mhothúcháin an duine. Tá éifeacht ag alcól ar lárchóras na néaróg. Fágann sé seo go n-imríonn sé tionchar ar ár gcuid anála agus ár gcroíráta, chomh maith leis an gcaoi a mbíonn muid ag smaoineamh, ag mothú, ag aireachtáil mar aon leis an gcaoi a n-iompraímid muid féin. Ceapann go leor daoine gur druga spreagthach é alcól mar go mbímid níos aeraí nó níos meidhrí nuair a bhíonn sé ólta againn. Ach níl sé sin fíor. Dúlagrán atá in alcól.

Tá baint idir níos mó alcóil a ól agus ardú in ionfhabhtuithe gnéas-tarchurtha. Déan cuairt ar yoursexualhealth.ie chun eolas a fháil faoin gcaoi cosaint a thabhairt duit féin.

Leideanna chun níos lú a ól

An bhfuil tú ag dul amach anocht? Seo roinnt leideanna faoin gcaoi níos lú a ól.

Miosúir sa bhaile

Tá an claonadh ann go mbíonn miosúir sa bhaile i bhfad níos mó ná na cinn a bhíonn sa teach tábhairne. Má thairgeann duine deoch duit agus tú ar cuairt, bain triail as buidéal nó canna in áit miosúr biotáille. Fágann sé sin go mbeidh se níos éasca súil a choinneáil ar an méid atá á ól agat.

Bíodh do chuid teorainneacha féin ar eolas agat

Más duine macánta tú, a luaithe is a thosóidh tú ag cailleadh smacht ort féin, nó a bheith á d’iompar féin ar bhealach éagsúil, beidh fhios agat é. Ba cheart go mbeadh sé mar phríomhaidhm agat gan níos mó ná seo a ól.

Share this:
  • Facebook
  • Twitter
  • Digg
  • Del.icio.us
  • LinkedIn
  • E-mail
Live HelperCabhróir Beo
Is é an ról atá againn cúnamh a thabhairt.
Cuireann an tseirbhís Cabhróir Beo duine ar fáil duit chun labhairt leo.
Seirbhís shlán agus faoi rún é seo – ní bheidh fhios ag an mball foirne cé tú féin – agus níl aon chostas ann duitse, úsáideoir na seirbhíse. Níl an tseirbhís seo ar fáil ach i mBéarla amháin.

Seol Cabhróir Beo »
Services Seirbhísí
Déan cuardach do sheirbhísí a bhaineann le drugaí agus alcól
Tá réimse leathan seirbhísí ar fáil ar fud na tíre a bhaineann le drugaí agus alcól.
Déan cuardach anois do sheirbhísí Comhairleoireachta, Oideachais & Oiliúna, Eolais agus Tacaíochta agus Cóireála agus Athshlánúcháin.

Cuardaigh Seirbhísí